skip to main content

Dúirt dlíodóir oifig an Ionchúisimh Poiblí go raibh an téarma priosúin a gearradh ar thiománaí ro-bhog

Téarmaí priosúin ro-bhog - arsa Úna Ní Raifeartaigh, Dlíodóir Oifig an tIonchúisitheora Poiblí sa Chúirt Achomhraic inniu
Téarmaí priosúin ro-bhog - arsa Úna Ní Raifeartaigh, Dlíodóir Oifig an tIonchúisitheora Poiblí sa Chúirt Achomhraic inniu

Thug ionchúisitheoirí le fios don Cúirt Achomhairc inniu go raibh an téarma priosúnachta ceithre bliana a gearradh ar fhear as Dún na nGall as tiomáint chontúirteach a ba chúis le bás ochtar, ró-bhog.  

Phléadáil Shaun Kelly, sé bliain is fiche d'aois as Bun Cranacha ciontach i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn as tiomáint chontúirteach a ba chúis le bás ochtar ar an phríomh bhealach idir Cluain Máine agus Bun Cranacha ar an aonú lá déag de mhí Iúil 2010.  

Gearradh téarma priosún ceithre bliana ar Kelly le dhá bhliain curtha ar fionraí agus cuireadh cosc tiomána deich mbliana air.  

Thug Dlíodóir na nIonchúiseamh Poiblí, Úna Ní Raifeartaigh le fios don chúirt achomharc inniu go raibh cás Kelly maidir le tiomáint chontúirteach ar an chás ba mheasa sa Stáit.  

Dúirt sí go raibh sé soiléir ó stíl tiomána Kelly go raibh sé ag cur beatha daoine i mbaol.  

Táthar ag leanstan leis an chás sa Chúirt Achomhairc faoi láthair.