Chuir an eagraíocht 'Southside Travellers' fáilte roimh an bhfógra go bhfuil loistín sealadach éigeandála faighte ag Comhairle Chontae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin don gcúigear déag atá fágtha gan dídean tar éis an dóiteáin.
Dúirt Urlabhraí ón gComhairle go raibh foireann agus conratheoirí ag obair go dian le cheithre h-uaire fichead anuas chun a chinntiú go mbeadh an láithreán stad sealadach ar Bhóthar Bhaile Uí Ógáin ullamh.
Tá na teachíní soghluaiste riachtanacha tugtha go dtín láthair agus táthar ag obair ar na seirbhisí go bhfuil gá leotha.
Beidh an láthair sealadach ullamh don ndeireadh seachtaine.