skip to main content

Cúiteamh €2m do bhuachaill 10 mbliana d'aois ceadaithe agus an Ard-Chúirt

Lee Gibson, 10 ar ceadaíodh cúiteamh €2m dó san Ard-Chúirt inniu
Lee Gibson, 10 ar ceadaíodh cúiteamh €2m dó san Ard-Chúirt inniu

Tá cúiteamh eatramhach de dhá mhilliún euro ceadaithe ag an Ard-Chúirt do bhuachaill deich mbliana d'aois, ar bhain gortuithe dá inchinn agus é á thabhairt ar an saol. 

Dúradh sa chúirt gur bhain roinnt gortuithe d'inchinn Lee Gibson as Rinn an Scidígh i gCorcaigh.

Maíodh gur tharla seo mar gheall ar easpa ocsaigine agus mar gheall nár cuireadh cóir leighis ar ionfhabhtú a bhí air.

Tá pairilis cheirbreach ar an mbuachaill anois.

Tugadh an cás in aghaidh Ospidéal Naomh Fionnbarra agus Ospidéal Erinville i gCorcaigh. Níor admhaíodh dliteanas sa chúirt inniu.