Foilsíodh tuarascáil maidir le fiosrúchán a deineadh faoi na cuinsí a bhain le bás linbh - Mark Molloy - in Ospidéal Reigiúnach Lár-tíre, Port Laoise beagnach cheithre bliana ó shin.
Deirtear sa tuarascáil go raibh easnaimh shuntasacha sa chúram a tugadh don leanbh agus é á thabhairt ar an saol.

Dúirt máthair an linbh - Roisín Molloy- gur tuarascáil cháinteach a bhí ann ná raibh frist a léamh.
Dúirt sí go raibh sé tábhachtach mar sin fhéin go bhfoilseofaí é - chun go mbeadh a fhios ag daoine eile cad a tharla dá linibhín.
Bhásaigh Mark Molloy go gaire tar éis do teacht ar an saol in Eanair 2012. Taifeadadh go raibh sé marbh nuair a saolaíodh é, ach sé fírinne an scéil / go raibh sé fós ina bheathaigh.