skip to main content

200 post nua fógartha do Bhaile Átha Cliath agus Luimneach

Grifols i gCluain Dolcáin - 140 post nua fógartha acu, le líonadh as seo go ceann bliana
Grifols i gCluain Dolcáin - 140 post nua fógartha acu, le líonadh as seo go ceann bliana

Cuirfear 140 post nua ar fáil in ionad nua atá le bunú ag comhlacht táirgí leighis in iarthar Bhaile Átha Cliath. 

Stóras mór idirnáisiúnta dá gcuid táirgí plasma fola a bheidh in ionad an chomhlachta Grifols i gCluain Dolcáin. Is as an ionad sin a dháilfear na táirgí sin ar fud an domhain. 

Beidh taighde, obair riaracháin agus bainistíochta ar bun san ionad freisin. Tá €100 milliún á infheistiú sa togra agus earcófar an 140 fostaí nua as seo go ceann bliana.

Agus cruthófar 60 post nua chomh maith i gcomhlacht breosla gan toit i bhFaing, Co Luimnigh.