skip to main content

Tionólfar cuinniú idir Chomhdháil Oileán na hÉireann agus an tAire Stáit Joe McHugh inniu

Oileánaigh ag súil le polasaí comhtháite do dhul chun cinn na nOileáin amach ó chósta na hÉireann i ndiaidh cruinnithe leis an Aire McHugh
Oileánaigh ag súil le polasaí comhtháite do dhul chun cinn na nOileáin amach ó chósta na hÉireann i ndiaidh cruinnithe leis an Aire McHugh

Beidh cruinniú idir ionadaithe ó Chomhdháil Oileán na hÉireann agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh inniu.

Tá súil go mbeidh ionadaithe ó thrí Oileán Árann chomh maith le Cathaoirleach nua-cheaptha na Comhdhála Simon Murray as Inis Bó Finne ag an gcruinniú.

Dúirt an Cathaoirleach go bhfuil súil acu aird an Aire Stáit a dhíriú ar pholasaí ceart a chur ar fáil leis na hoileáin amach ón gcósta a chur chun cinn.

Dúirt sé go gcaithfí a chinntiú go bhfuil buiséad ceart ar fáil le tabhairt faoin obair a theastaíonn a dhéanamh ar na hoileáin, chomh maith le seirbhísí cearta a chur ar fáil do na pobail ansin.  

Oileán Thoraigh ón spéir

Ag an am céanna, tá coiste turasóireachta le cur ar bun ar oileán Thoraigh le linn an Gheimhridh le plean margaíochta agus pacáistí turasóireachta a chur ar bun don oileán.  

Bhí cruinniú an tseachtain seo ag feidhmeannaigh ó Fáilte Éireann le hionadaithe ó Chomharchumann Thoraigh, agus rinneadh cur i láthair daofa ar na forbairtí atá de dhíth le tuilleadh turasóirí a mhealladh go Toraigh.  

Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Thoraigh, Bridget Nic Gairbheith, go raibh séasúr maith turasóireachta acu i mbliana, agus go raibh an séasúr níos faide mar go raibh an aimsir níos fearr ag deireadh an tséasúir agus mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.  

Beidh cruinniú a eagrú do bhunadh an oileáin go luath le plean margaíochta a aontú, le cois suíomh idirlín a chur ar bun agus léarscáil a chur le chéile ina mbeidh eolas faoin oileán.