skip to main content

Sluaite ag sochraid teaghlach Connors i mBaile Amhlaoibh ar maidin

Séipéal na Deastógála i mBaile Amhlaoibh
Séipéal na Deastógála i mBaile Amhlaoibh

Tionóladh sochraid theaghlach Connors a maraíodh i ndóiteán ag láithreán stad i gCarraig Mhaighin breis agus 10 lá ó shin ar maidin. 

Fuair Thomas agus Sylvia Connors agus triúr dá gcúigear páistí bás sa tine ar an 10 Deireadh Fómhair.

Tháinig a mbeirt pháiste eile, Michael agus Thomas slán. Ní fios cad ba chúis leis an dtine inar maraíodh deichniúr den lucht siúil, cúigear páiste ina measc.

Bhailigh na céadta ag Séipéal na Deastógála i mBaile Amhlaoibh lena gcomhbhrón a chur in iúl do ghaolta na marbh. 

Ina aitheasc, dúirt an tAthair Derek Farrell ó pharóiste an Lucht Siúil, gur 'cor cinniúnach'  i saol  na tíre é bás an deichniúir seo, tragóid a éilíonn athrú meoin orainn.

Dúirt sé go raibh ceachtanna le foghlaim ag gach duine, idir lucht siúil agus an mórphobal. Orthu seo bhí sé tábhachtach tuiscint a a bheith againn ar dhaoine atá éagsúil uainn féin, má tá muid i ndáiríre faoi shochaí a fhorbairt a chuimsíonn gach cineál duine. Tá teipthe orainn, a dúirt sé, é seo a dhéanamh maidir leis an Lucht Siúil.

Bhí an Coirnéal Michael Kiernan, Aide De Camp an Uachtaráin, Michael D Higgins i láthair chomh maith leis an Ceannfort-Ghinearál Kieran Carey, Aide De Camp an Taoisigh. 

Tabharfar corp na marbh go Loch Garmain tráthnóna, áit a gcuirfear amárach i reilig Ghort na gCros iad i ndiaidh paidreacha i Séipéal na Deastógála.