Tá iarrtha ag Paul Murphy TD ar Uisce Éireann bheith trédhearcach agus macánta faoina gcuid figiúirí. D'iarr Murphy TD ar an gcomhlacht soiléiriú a dhéanamh ar na figiúirí is déanaí atá foilsithe acu agus a thugann le fios go bhfuil 55% dá chustaiméirí ag íoc na dtáillí - ardú ó 44% sa chéad tréimhse billí.
Dúirt Uisce Éireann gur íoc 90% dóibhsan a d'íoc a gcéad billí an t-arna ceann freisin. Maíonn siad gur mhéadaigh líon íoctha na mbillí fá 1,500 dteaghlach ó seoladh na dara mbillí amach.
Dúirt Murphy áfach nach bhfuil na figiúirí soiléir agus d'iarr sé ar Uisce Éireann liosta na dteaghlach ar fad a bhfuil a mbillí íoctha acu a fhoilsiú.
Lean sé le rá gur déanadh bullaíocht ar ar dhaoine a gcuid billí a íoc agus go gcloisfeadh polaiteoirí faoi nuair a bheadh siad i mbun stocaireachta don olltoghchán.
Bhí an TD Murphy ag labhairt le RTÉ ar maidin - an sprioclá nua do theaghlaigh le clárú don deontas caomhnaithe uisce.
Is féidir clárú go fóill ar www.watergrant.ie nó glaoidh ar 076 1087890 / 1890 100 043