skip to main content

Fear maraithe i dtimpiste bhóthair i Maigh Eo

Gardaí ag lorg cúnamh an phobail faoi bhás fir 20 bliain d'aois i dtimpiste bhóthair inné.
Gardaí ag lorg cúnamh an phobail faoi bhás fir 20 bliain d'aois i dtimpiste bhóthair inné.

Maraíodh fear óg 20 bliain d'aois nuair a bhuail an gluaisteán a bhí á thiomáint aige crann i gContae Mhaigh Eo tráthnóna inné.

Is i gCeathrú an Traighle, ar an mbóthar idir Bhéal an Átha agus Béal Easa a tharla an timpiste. Ní raibh aon fheithicil eile páirteach sa dtimpiste agus b'é an tiománaí amháin a bhí sa ghluaisteán. 

Tugadh a chorp ag Ospidéal Ginireálta Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh áit a cuireadh scrúdú iarbháis ar. 

Tá an bóthar fós dúnta ag Gardaí atá i mbun fiosraithe. Iarann siad cúnamh an phobail a bhí sa cheantar ag an am úd. Is féidir teagmháil a dhéanamh le stáisiún Bhéal an Átha ag 096 205 60 nó ar líne rúnda na nGardaí 1800 666 111.