skip to main content

Tá ceardchumainn na noibrithe agus bainistíocht Iarnród Éireann i mbun cainteanna ag iarraidh stailc an lae amáirigh a stopadh

Baol ann fós go mbedh stailc traenach 3 huaire ann maidin amárach
Baol ann fós go mbedh stailc traenach 3 huaire ann maidin amárach

Thosaigh cainteanna an athuair idir bainistíocht agus ceardchumainn ag Iarnród Éireann ar ball.

Cuireadh deireadh le cainteanna idir na páirtithe leasmhara ag 3.15 ar maidin. 

D'fhéadfadh sé fós nach mbeidh aon seirbhís traenach ann ar feadh na dtrí huaire an chloig is gnóthaí maidin amárach.

Bhí bainistíocht Iarnród Éireann, SIPTU agus NBRU i gcainteanna ar feadh trí huaire an chloig déag in iarracht ceisteanna táirgíochta a reiteach. 

Deir an comhlacht go bhfuiltear ag cailliúint €1m in aghaidh na míosa agus gur mian leo an t-airgead seo a shábháil tré uainchláracha nua a chur i bhfeidhm. Bhainfeadh sé seo, a deir an comhlacht leas níos fearr as amanta oibre na dtiománaithe ach chiallódh sé freisin go mbeadh laghdú ar líon na dtiománaithe.

Deir an comhlacht go roinnfí pé airgead airgid a shábhailfí san atheagar idir thiománaithe agus an comhlacht.

Deir na ceardchumainn nach bhfuil dóthain aird ag an gcomhlacht ar éileamh atá acu ar íocaíochtaí a fháil as táirgíocht bhreise atá bainte amach ach cheana féin. 

Dúirt Dermot O'Leary ón NRBU ar RTÉ inniu, gur údar frustrachais dóibh é nach bhfuil an tsaoirse ag ionadaithe an chomhlachta dul i mbun idir beartaíochta leis na ceardchumainn sna cainteanna. Dhealródh sé, a dúirt sé, go bhfuil daoine lasmuigh den bhfoireann idirbheartaíochta ar a ndícheall gan réiteach a fháil ar an gconspóid.