Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin go bhfuil suíomh nua aimsithe do láithreán staid sealadach le haghaidh na ndaoine a tháinig slán ón dóiteán i gCarraig Mhaighin aon lá déag ó shin.
Carrchlós leis an gComhairle Contae in aice le Baile Uí Ógáin atá ann. Dúirt an Chomhairle gur tháinig siad ar an gcinneadh in iarracht bagairtí dlí a sheachaint agus nach raibh aon rogha eile acu.
Chuir muintir Chéide Bhaile na Creige i gCarraig Mhaighin in aghaidh ionad sealadach a thógáil ina n-eastát.
Trathnóna, tugadh coirp Thomas Connors, Sylvia Connors agus a dtriúr leanaí - Jim, Christy agus Mary - go dtí an seipeál i mBaile Amhlaoibh i mBaile Átha Cliath.
Beidh Aifreann éagnairce an teaghlaigh ar siúl amárach ag 11.30, agus adhlacfar iad ina dhiaidh sin i Loch Garman.