skip to main content

Athbhreithniú á lorg ag muintir Aibha Conroy a bhásaigh san san ospidéal i nGaillimh

Aibha Conroy
Aibha Conroy

Deir muintir Aibha Conroy, an cailín óg as Gabhla i gConamara a bhásaigh san ospidéal ceithre bliana ó shin, go bhfuil athbhreithniú á lorg acu maidir lena bás.

Cailleadh Aibha Conroy, sé bliana d'aois, tar éis í a aistriú ón ospidéal sin go hOspidéal na Leanaí ar Shráid Temple i mBaile Átha Cliath. 

Deir muintir Conroy nach ndearna an t-ospidéal i nGaillimh aon teagmháil leo maidir le hathbhreithniú ó bhásaigh a n-iníon i mí na Nollag 2011. 

Ag an gcoiste cróinéara an tseachtain seo caite, rialaigh an Dr Brian Farrell gur míthapa leighis a ba chúis lena bás. 

Ceithre lá sular bhásaigh sí i mBaile Átha Cliath, tugadh Aibha Conroy isteach go hOpsidéal na hOllscoile i nGaillimh agus hipiglicéime uirthi - leibhéal  íseal siúcra ina cuid fola.

Deir a muintir go bhfuil ceisteanna fós le freagairt ag Ospidéal na hOllscoile agus gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcúram a fuair Aibha agus í ann.

D'fhiafraigh Nuacht RTÉ d'Ospidéal na hOllscoile an raibh aon athbhreithniú déanta acu ar an gcúram sin. Dúirt siad linn nach ndéarfaidís tada faoi shonraí aon cháis ar leith agus gur mhian leo a gcomhbhrón a chur in iúl arís do mhuintir Conroy. 

Tá sé deimhnithe ag dlíodóir mhuintir Conroy go gcuirfear tús le cás sibhialta an bhliain seo chugainn.