skip to main content

An t-ollamh Éireannach William Campbell ar dhuine de bhuaiteoirí Dhuais Nobel don leigheas

An tOllamh William C.Campbell
An tOllamh William C.Campbell

Tá Duais Nobel na bliana seo do chúrsaí leighis agus fiseolaíochta á roinnt idir an t-ollamh Éireannach William C.Campbell, an t-ollamh ón tSeapáin Satoshi Omura, agus an t-eolaí Síneach Youyou Tu.

Bronnadh leath na duaise ar an Uasal Campbell agus ar an Uasal Omura as ucht a gcuid oibre ar dhruga nua in aghaidh na n-aicidí a tharraingíonn seadáin cruinnphéiste.

Bíonn na seadáin seo ina gcionsiocair le daoine a fhágáil caoch.

Is i Ráth Mealtain i gCo.Dhún na nGall a rugadh William Campbell agus bhí sé i mbun staidéir i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Tá sé anois ina ollamh ag plé le cúrsaí taighde in Ollscoil Drew i Madison i Stát New Jersey.

Bronnadh an leath eile den duais ar Youyou Tu as a cuid oibre siúd maidir le leigheas nua in aghaidh an ghalair maláire.