Cuirfear dráma nua ar stáitse anocht i mBaile Átha Cliath atá bunaithe ar chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí.
Sé Jack Harte a scríobh an dráma seo dar teideal 'Language of the Mute'.
Léirítear ann nach raibh na Gardaí ag iarraidh an dlí a chur ar phríomhcharachtar an dráma atá bunaithe ar Ó Lubhlaí ó tharla gur brathadóir é san IRA.
Ficsean atá sa dráma féin.
Ba tuairiscí ar Nuacht TG4 i 2013 faoin mhí-úsáid gnéis a deirtear a rinne Domhnaill Ó Lubhlaí ar bhuachaillí óga a spreag an t-údár leis an dráma a scríobh.
Bhásaigh Ó Lubhlaí i Márta 2013.