Chuaigh an comhlacht fón póca, iD Mobile, i mbun gnó in Éirinn inniu.
300,000 custaiméar nua atá súil ag an gcomhlacht a mhealladh.
Sin 6% den mhargadh anseo.
Cuirfidh siad pleananna éagsúla teileafóin ar fáil do chustaiméirí.
Tá súil go gcothóidh an comhlacht breis iomaíochta sa mhargadh teileafóin agus dá réir sin go n-ísleoidh praghsanna.
Tá sé d'aidhm ag an gcomhlacht na custaiméirí nua a mhealladh as seo go ceann 6 bliana.