Tá beirt le cur ar a dtriail faoin luach €1.5m den druga hearóin ar éirigh le gardaí a theacht air inné.
Tiománaí leoraí as Loch Garman agus fear as Baile Átha Cliath atá i gceist.
Fuarthas na drugaí nuair a stopadh 2 fheithicil ar bhóthar an Náis in aice le Ráth Cúil i ndeisceart Cho. Bhaile Átha Cliath.
Gabhadh an tiománaí trucail Vincent Halligan, 32 bliain d'aois, a bhfuil seoladh aige i nDún Chormaic, Co.Loch Garman agus Joseph O'Neill 40 bliain d'aois a bhfuil seoladh aige i mBaile Formad, Co.Bhaile Átha Cliath.
Tá cionta mangaireacht drugaí curtha i leith na beirte.
Coinníodh iad i stáisiún na ngardaí i gCluain Dolcáin agus cúisíodh an bheirt tráthnóna inné.
Ní dheachaigh ceachtar díobh ar thóir bannaí.
Beidh siad beirt os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn.