Tá Príomhaire na Gréige, Alexis Tsipras le toghchán tobann a ghairm sa tír an mhí seo chugainn.
An 20ú lá de Mheán Fómhair an dáta atá luaite, tuigtear.
Tuigtear go ndéanfaidh an tUasal Tsipras fógra oifigiúil ar an teilifís tráthnóna agus go bhfogróidh sé go bhfuil sé ag éirí as.
Thacaigh móramh sa pharlaimint le Alexis Tsipras an tseachtain seo caite don chlár dian-tarrthála cé gur vótáil aon trian de na comhaltaí ina pháirtí fhéin, Syriza, in aghaidh na mbeartas.
Tá Alexis Tsipras anois ag lorg tacaíocht an phobail chun leanúint leis an gclár tarrthála trí bliana.
Fuair an Ghréig €13bn den airgead fuascailte ón Aontas Eorpach ar maidin inniu.
€85bn atá an tír le fáil go hiomlán i ndiaidh an chomhaontaithe a dtáinig Airí Airgeadais thíortha limistéar an euro air an tseachtain seo caite.