skip to main content

Cilla Black á hadhlacadh i Learpholl i Sasana inniu

Sochraid Cilla Black i Learpholl
Sochraid Cilla Black i Learpholl

Tá sochraid an cheoltóra agus an láithreora teilifíse Cilla Black ar bun i gcathair Learpholl i Sasana tráthnóna inniu.

I measc an dream aitheanta a bhí i láthair bhí Cliff Richard, Christopher Biggins, agus Jimmy Tarbuck.

Bhí na mílte seasta le taobh an bhóthair feadh an bhealaigh chuig Séipéal Caitiliceach Naomh Muire i Woolton lena n-omós a léiriú.

Ba sa séipéal sin a phós sí a fear céile Bobby Willis i 1969.

Ba é an t-Oirmhinneach Thomas Williams príomhcheiliúraí an Aifrinn.

Thug a dlúth-cara Paul O'Grady an óráid mholta dheiridh sa séipéal ag a raibh a triúr mac i láthair.

72 bliain d'aois a bhí Cilla Black.

Bhí aithne uirthi go forleathan a bhuíochas di a bheith ag láithriú na gcláracha móra le rá, Blind Date agus Surprise, Surprise.

Bhásaigh sí nuair a gortaíodh í sa cheann tar éis di titim taobh amuigh dá teach saoire sa Spáinn ag tús na míosa seo.

Cuirfear í a dteannta a tuismitheoirí i reilig Allerton Learpholl.