Tuairiscítear nach mbeidh vacsaín an BCG a thugann cosaint in aghaidh ghalar na heitinne ar fáil sa tír seo arís go dtí níos deireanaí sa bhliain nó b'fhéidir ag tús na bliana seo chugainn.
Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams gur údar mór imní é seo agus an chontúirt a bhaineann leis an eitinn.
Dúirt an tAire Sláinte, Leo Varadkar agus é ag freagairt ceiste a chur Gerry Adams, gur deacrachtaí táirgíochta, moill le seachadadh agus deacrachtaí le séalaí a chur ar an vacsaín a dhéantar sa Danmhairg, an t-údar nach bhfuil sí ar fáil faoi láthair.
Tá a fhios ag an Roinn Sláinte faoi na deacrachtaí seo ó anuraidh a dúirt Gerry Adams.
Ina dhiaidh sin féin a dúirt sé, ní dhearna an Roinn aon ní leis an vacsaín a fháil ó chomhlacht eile.
Dá bharr seo a dúirt Gerry Adams beidh 50,000 páiste ar a laghad nach bhfaighidh an vacsaín ag an am a bhfuil sé dlite dóibh.
Dúirt an Roinn Sláinte anseo nach raibh ach an t-aon soláthróir de vacsaín an BCG san Aontas Eorpach, agus tá sé sin lonnaithe sa Danmhairg.
Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil líon na gcásanna den eitinn ag titim in Éirinn, agus nach raibh aon chásanna nua i bpáistí anuraidh.