skip to main content

Stát Ioslamach freagrach as an mbuama gar do fhoirgneamh slándála i Cairo

Láthair na buamála i Cairo
Láthair na buamála i Cairo

Thug an grúpa, an Stát Ioslamach le fios gur b'iad a phléasc an buama cairr gar don fhoirgneamh slándála agus do theach na cúirt i gCairo na hÉigipte.

Gortaíodh 29 duine san ionsaí.

Bhí seisear póilíní i measc na marbh.

I ráiteas a cuireadh amach dúirt an grúpa gur díoltas a bhí anseo faoi gur cuireadh chun báis seisear ball dá chuid, a ciontaíodh faoi ionsaí a dhéanamh ó thuaidh de Chairo anuraidh.

Níl sé ach cúpla lá ó cheadaigh an tUachtarán, Abdul Fattah al-Sisi dlíthe nua frithsceimhlitheoireachta san Éigipt.