Dúirt an tAire Comhshaoil Alan Kelly nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas aon mholtaí nua a thabhairt isteach bainteach le hUisce Éireann.
Dúirt urlabhraí Rialtais freisin nach raibh aon athrú sa deontas caomhnaithe uisce.
Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh thuairiscí sna meáin inar dúradh nach dtabharfaí an deontas €100 ach amháin do dhaoine a bhí ag íoc a dtáillí uisce.
Dúirt an t-urlabhraí freisin nach raibh aon chinneadh déanta i leith Uisce Éireann don bhliain seo chugainn i bhfianaise an rialaithe ón áisíneacht Eurostat go gcaithfeadh costas an chomhlachta fanacht ar chlár comhordaithe an Rialtais.
Is é an 8ú Deireadh Fómhair an spriocdháta atá leagtha síos do dhaoine iarratas a dhéanamh ar an deontas €100.
Tuigtear go mbeidh na híocaíochtaí ar fad déanta le custaiméirí faoi dheireadh na míosa sin.
Deir urlabhraithe le páirtithe an fhreasúra áfach nach bhfuil sa deontas ach díol magaidh agus d'fhógair arís gur chóir deireadh a chur le hUisce Éireann.