Dúirt Cónaidhm na hÉireann um Míchumas go bhfuil os cionn 1,000 duine óigeanta a bhfuil míchumas de chineál éigin orthu ina gcónaí go fadtéarmach i dtithe altranais agus ionaid dá léithid.
Dúirt an chónaidhm gur mór an náire é seo.
Dúirt sé nach bhfuil sé seo feiliúnach beag ná mór do shláinte ná riachtanais shóisialta dhaoine atá faoi 65 bliain d'aois.
Luaigh Príomhfheidhmeannach na heagraíochta John Dolan go bhfuil daoine sna daicheadaí ina gcónaí in ionaid mar seo.
Tá an baol ann go bhfágfar daoine mar seo scoite amach ón bpobal dar leis an chónaidhm.
Molann sé gur chóir na daoine seo a bhogadh chuig ionaid cónaithe sa phobal a bheadh níos lú.
I ráiteas ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó an HSE dúirt sé nach bhfuil na daoine uilig a bhfuil míchumas orthu i dtithe altranais nach bhfuil ag feiliúint dóibh
D'admhaigh an HSE go dteastaíonn ionaid a thógáil do dhaoine óga atá i dtithe altranais le go mbeidh siad in ann saol neamhspleách a bheith acu