skip to main content

Maoiniú Uisce Éireann le fanacht ar chlár comhordaithe an státchiste-AE

Eurostat le rialú ar mhaoiniú stáit Uisce Éireann
Eurostat le rialú ar mhaoiniú stáit Uisce Éireann

Rialaigh áisíneacht staitisticí an Aontais Eorpaigh nach féidir an maoiniú stáit atá faighte ag Uisce Éireann
a bhaint as clár comhordaithe an státchiste anseo.

Deirtear go gcuirfidh an cinneadh seo ó Eurostat suas le €500m leis an bhfiacha náisiúnta.

Dúirt an tAire Airgeadais, Michael Noonan, nach ndéanfaidh a bhfuil molta ag Eurostat aon difríocht do cháinaisnéis 2016.

Dúirt sé go raibh maoiniú d'Uisce Éireann curtha sa gcomhaireamh ag an Rialtas sa mbreith ar chúrsaí eacnamaíochta a thug siad san Earrach i mbliana, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Níor mhór d'Uisce Éireann a bheith ag fáil os cionn leath de chostas oibriúcháin an chomhlachta ó chustaiméirí, agus tuigeadh do Eurostat nach mba amhlaidh a bhí.

Dúirt urlabhraí Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil Fhianna Fáil Barry Cowen gur léir gur áiféis amach is amach a bhí in Uisce Éireann agus gur chóir deireadh a chur leis an gcomhlacht.