Tá cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach Dhoire agus Comhairle Cathrach an tSratha Báin ainm oifigiúil Londonderry a athrú go Doire.
Votáil comhairleoirí ar an gcinneadh tráthnóna inné.
D'éirigh leis an rún le tacaíocht ó Shinn Féin, an SDLP agus comhairleoirí neamhspleácha, in ainneoin go raibh Aontachtóirí ag cur ina choinne.
Deir Aontachtóirí gur cinneadh seicteach agus déistineach atá ann.
Scríobhfaidh an chomhairle go dtí an Aire Timpeallachta Mark H Durkan ón SDLP, gur as cathair Dhoire do, faoi conas mar a chuirfidh siad an t-athrú i bhfeidhm.