Maraíodh beirt i ndiaidh do fhear gunna urchair a scaoileadh taobh istigh do phictiúrlann a bhí lán le daoine i Lafayette, Louisiana i ndeisceart na Stát Aontaithe.
Tá Lafayette lonnaithe tuairim is 90 ciliméadar ó dheas de Baton Rouge.
Gortaíodh seachtar eile san eachtra.
Tá cuid do na daoine a gortaíodh idir dhá cheann na meá.
Is le linn an scannáin Trainwreck a bhí ar taispeáint san amharclann 'The Grand Theatre' a tharla an eachtra.
Deir finnéithe gur sheas an fear suas sa dorchadas le linn an scannáin agus thosaigh sé ag scaoileadh faoi agus thairis.
Chuir an gunnadóir lámh ina bhás féin i ndiaidh na heachtra.

Tá an fear ainmnithe ag poilíní mar John Houser, 59 bliain d'aois.