Tá péire de na cuideachtaí árachais cairr is mó sa tír tar éis fógairt nach mbeidh clúdach le fáil feasta uathu do chustaiméirí nua a bhfuil sheancharr acu.
Deir Aviva agus Allianz go bhfuil siad ag feidhmiú an pholasaí ón lá inniu ar aghaidh.
Ní bheidh aon chlúdach do chustaiméir nua le Allianz ar charr níos sine ná 14 bliain.
Carr níos sine ná 15 bliain atá i gceist i gcás Aviva.
“Ar mhaithe le custaiméirí i gcoitinne a chosaint sa bhfadtéarma” agus “le praghas iomaíoch a chinntiú” na cúiseanna atá tugtha.
Beidh clúdach árachais le fáil i gcónaí ar charranna níos sine ná sin ag custaiméirí atá leis an 2 chuideachta cheana féin.