skip to main content

Beirt maraithe ag cófraí ó Ikea

Bhásaigh beirt naíonán i Meiriceá nuair a thit troscán orthu.
Bhásaigh beirt naíonán i Meiriceá nuair a thit troscán orthu.

Tá Ikea tar éis foláireamh a eisiúint ag rá go gcaithfidh custaiméirí an deis ancaireacht-le-balla a thagann lena gcuid troscáin a úsáid i bhfianaise bás bheirt naíonán i Meiriceá le bliain anuas.

Tá an Coimisiún Sábháilteachta Táirgí i SÁM ag moladh do thomhaltóirí cófraí do ghasúír atá níos airde ná 60cm agus cófraí daoine fásta atá níos airde ná 75cm a sheachaint ar fad, muna bhfuil siad fáiscthe i gceart le balla.

Ón raon Malm an troscán atá i gceist.

Mí Feabhra anuraidh bhásaigh buachaill 2 bliain nuair a tháinig cófra Malm 6-tharraiceán anuas sa mullach air.

Mí an Mheithimh anuraidh bhásaigh páistín eile 2 bhliain nuair a thit cófra Malm 3-tharraiceán air.

Ní raibh ceachtar ball troscáin fáiscthe leis an deis a thagann saor in aisce ón siopa nuair a bhíonn an troscán le cur le chéile ag custaiméir sa mbaile.

Gortaíodh 4 gasúr eile in eachtraí den chineál céanna.