Tá sé socraithe i Peiriú go ndéanfar teagmháil oifigiúil an chéad uair le treibh dúchasach Amasóineach.
Tá sé le tarlú tar éis ionsaí sa mBealtaine le saighead is bogha ar bhaile beag ar chiumhais an dufair, a deir na húdaráis.
Tá antraipeolaithe rialtais le ghabháil i dteagmháil leis daoine ón treibh Mashco Piro, féachaint cén fáth go bhfuil siad le feiceáil níos minicí ag fágáil na foraoise.
Tá siad feicthe le roinnt míonna sa tóir ar maiseití agus bia, píosa maith óna limistéir féin i dTearmann Náisiúnta Manu in oirdheisceart Peiriú.
Tá daoine áitiúla agus turasóirí tar éis cumarsáid a dhéanamh leo, agus tar éis bia agus éadaí a thabhairt dóibh.
Tá cosc oifigiúil ar theagmháil a dhéanamh le daoine Mashco Piro, agus le tuairim is 12 treibh eile san iargúil, mar gur beag cosaint i gcóras imdhíonachta na nDúchasach ó aicídí na linne seo.
Deir FENAMAD, grúpa ionadach Dúchasach, go mb’fhéidir go gcuirfeadh an cinneadh oifigiúil sodar le díothú daoine de bharr galair, mar atá tarlaithe arís is arís eile leis na céadta bliain.