skip to main content

500 altra le mealladh ar ais go hÉirinn ag HSE

€1,500 agus eitilt abhaile agus táille bliantúil altra dá thairscint.
€1,500 agus eitilt abhaile agus táille bliantúil altra dá thairscint.

Táthar ag súil altraí agus cnáimhsigh a mhealladh ar ais go hÉirinn as an mBreatain agus níos faide ó bhaile mar chuid d’fheachtas earcaíochta ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

500 altra atáthar ag iarraidh a earcú.

Tá €1,500 dá thairscint do lucht oibre de bhunú na hÉireann le filleadh ar an tír.

Anuas air sin, íocfar costas na heitilte anall agus an táille cláraithe altranais ar feadh bliana.

Tá Cumann na nAltraí an INMO tar éis fáilte a chur roimh an bhfiontar.