Beidh cumhachtaí breise ag Gardaí daoine a ghabháil má sháraítear coinníollacha bannaí, faoi dhlí nua atá le foilsiú inniu.
Cuireann an reachtaíocht nua atá beartaithe laincis bhreise ar chúirteanna.
Beidh ar bhreithiúna cúiseanna a thabhairt más mian leo daoine cúisithe a ligean amach ar bhannaí.
Beidh srian sa mbreis freisin ar dhaoine atá ciontaithe a bheadh ag lorg bannaí agus iad ag feitheamh le hachomharc.
Faoin mbille nua atá réitithe ag an Aire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald, beidh sé de cheart ag Garda, gan barántas, duine a ghabháil le himeaglú finnéithe a sheachaint.