Tá comhaontú sínithe idir úinéirí tí in Inis Eoghain i nDún na nGall agus MBC Builders, fochonraitheoirí de chuid Uisce Éireann, gan méadair uisce a shuiteáil áit ar bith a bhfuil fógra curtha in airde ag úinéirí lasmuigh dá dtithe ag rá nach bhfuil méadar uathu.
Chas baill ó bhrúghrúpaí atá in éadan táillí uisce leis an bhfochonraitheoir John Gildea ó MBC Contractors agus aontaíodh nach ndéanfadh fostaithe de chuid an chonraitheoir aon iarracht daoine a chur ar athrú intinne faoi ghlacadh le suiteáil na méadar uisce.