Tá an t-aisteoir cáiliúil ón Éigipt, Omar Sharif tar éis bháis.
Bhí sé 83 bliain d'aois.
Bhí Sharif le feiceáil sna scannáin mhóra Lawrence of Arabia agus Doctor Zhivago.
I measc na scannán eile dá chuid, bhí Funny Girl, The Pink Panther Strikes Again agus Mayerling.
Ainmníodh é i gcóir gradam Academy agus bhuaigh sé trí ghradam Golden Globe.
Bhí an galar Alzheimer air le déanaí.
Dúirt urlabhraí ar a shon inniu gur bhuail taom croí é tráthnóna san Ospidéal i Cairo.