skip to main content

Éisteacht faoi líomhaintí maidir le hionsaithe in Áras Attacta curtha siar go dtí MÍ Mheán Fómhair.

Éisteacht faoi Áras Attracta curtha siar
Éisteacht faoi Áras Attracta curtha siar

Tá éisteacht maidir le cúiseanna atá curtha i leith seisear maidir le heachtraí a tharla ag an ionad cúraim, Áras Attracta i gContae Mhaigh Eo, curtha siar go dtí Mí Mheán Fómhair chun fianaise a bhailiú.

Bhí seisear a bhfuil líomhaintí curtha ina leith go rinne siad ionsaí ar othair ag ionad cúraim Áras Attracta i gContae Mhaigh Eo, os comhair na Cúirte Dúiche i mBéal Átha na Muice a bhí ag suí i mBéal an Átha inniu.

Níor labhair aon duine acu.

Duirt dlíodóirí ar son na gcúisithe go raibh níos mó ama ag teastáil chun go bhféachfaí ar 190 uair an chloig do fhiseáin CCTV agus ar 10,000 leathanach de chaipéisí atá tugtha ag an Stát do na foirne dlí.

Tá cúig chúis maidir le hionsaí ag Bunagló 3, Áras Attracta curtha i leith Joan Gill, le seoladh baile ag Bóthar Bhaile Átha Cliath, Béal Átha na Muice.

Líomhnaítear gur tharla na hionsaithe ar dhátaí idir 6 agus 17 Samhain anuraidh.

Tá cúis amháin maidir le hionsaí curtha i leith chúigear ball foirne eile.

Tá sé curtha i leith Pat McLoughlin, as Lalibela, Lios Mhic Fheorais, Clár Chlainne Mhuiris go rinne sé ionsaí ar an 14 Samhain ag Bungaló 3.

Tá sé curtha i leith Anna Ywunong Botsimbo, Low Park Avenue, Baile Chathail, Contae Mhaigh Eo, gur rinne sí ionsaí ar an dáta céanna ag an láthair céanna.

Tá sé curtha i leith Kathleen King ó Chnoc an tSeanbhaile, Straide, Béal Easa, Contae Mhaigh Eo, Christina Delaney, ó Lios an tSamhraidh, Maolla i gContae Mhaigh Eo agus Joan Walsh ó Cheathrú an Choillín, An Choraidh, Contae Shligigh go rinne siad ionsaí ag Bungaló 3, Áras Attracta ar an 15 Samhain 2014.