Thangthas ar chorp Bharry Davis Ryan inniu le linn cuardaigh a bhí ar bun do. Bádh an fear óg a bhí 20 bliain d'aois amach ó chósta Dhún na Séad in Iarthar Chorcaí, ar an 30 Meitheamh.
Bhásaigh cailín Barry Davis Ryan, Niamh O'Connor a bhí 20 bliain d'aois chomh maith lena athair Barry Ryan, 51 bliain d'aois sa tragóid ag deireadh mhí an Mheithimh.
Fuarthas corp na beirte sin, an tráthnóna sin agus cuireadh iad an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí Barry Davis Ryan, a athair agus a chailín Niamh O' Connor mar chuid do ghrúpa daoine a bhí ag siúl cóngarach don rabhchán nuair a thit duine acu isteach sa bhfarraige agus léim an duine eile isteach ina dhiaidh in iarracht iad a shabháil.
Bhí os cionn 70 tumadóir, oibrithe deonacha, chomh maith le baill den nGarda Síochána agus baill den tSeribhís Chabhlaigh páirt i gcuardach an lae inniu.