Tá sé deimhnithe ag bord Ryanair go bhfuiltear i ndiaidh votáil d'aon ghuth glacadh le tairiscint IAG an scair 29.8% atá ag Ryanair in Aer Lingus a cheannach.
Dúirt Ryanair go votáilfear i bhfábhar glacadh le tairiscint IAG, ag cruinniú ginearálta urghnách Aer Lingus Déardaoin seo chugainn má fhaigheann an tairiscint cead rialála ó Údarás Iomaíochta na hEorpa.
Tuigtear go bhfuil IAG le cead a fháil ó Údarás Iomaíochta na hEorpa dá dtairiscint €1.36 billiún ar Aer Lingus, i ndiaidh lamháltais níos fearr atá curtha chun tosaigh chun aon imní faoi chúrsaí iomaíochta a lagú, a deir foinsí.
Tá Údarás Iomaíochta an Aontais Eorpaigh le rialú ar an gcás faoi 15ú Iúil.
Tagann ceadú Ryanair dhá mhí i ndiaidh do Rialtas na hÉireann aontú a scair 25% in Aer Lingus a dhíol le IAG.
Bhí scaireanna i Ryanair agus Aer Lingus níos airde i mBaile Átha Cliath inniu i ndiaidh na nuachta.