Tá sé fógartha ag an mBanc Ceannais go bhfuil siad le fiosrúchán a bhunú maidir le sarú rialála a líomhnaítear a rinneadh ag Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann nó Irish Nationwide.
Rinneadh Irish Nationwide a náisiúnú i 2010 i ndiaidh dóibh pacáiste tarrthála 5.4 billiún euro a fháil.
Níl na hiar fheidhmeannaigh a bheidh mar chuid den bhfiosrúchán seo ainmnithe ag an mBanc Ceannais.
San áireamh sna smachtbhannaí a d'fhéadfadh an Banc Ceannais a chur i bhfeidhm mar thoradh ar an bhfiosrúchán seo, tá rabhadh nó iomardú, fineálacha suas le €10m i gcoinne Irish Nationwide agus fineálacha suas le €1m i gcoinne dhuine aonair.