skip to main content

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag moladh do dhaoine gan taisteal chun na Túinéise ach amháin sa chás go bhfuil géarghá leis.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag cur comhairle ar dhaoine gan taisteal chun na Túinéise i dTuaisceart na hAfraice muna bhfuil géarghá leis.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan nach bhfuil eolas ar an Rialtas maidir le bagairt ar leith ach dúirt sé gur fearr do dhaoine an tír a sheachtaint más féidir in aon é.

Tá Roinn Gnóthaí Eachtracha na Breataine ag moladh do dhaoine gan taisteal chun na Túinéise ach amháin san chás go bhfuil géarghá leis.

Tá siad ag impí chomh maith ar thurasóirí ón mBreatain atá sa Túinéis an tír sin a fhágaint.

Tagann sé seo sna sála ar fhaisnéis nua atá faighte, a deir go bhfuil seans mór ann go dtarlóidh ionsaí sceimhlitheoireachta eile. 

Maraíodh triúr Éireannach agus 30 duine ón mBreatain in ionsaí sceimhlitheoireachta a rinneadh ar bhaile Sousse in oirthear na Túinéise a mhí seo caite. 

Mharaigh an fear gunna a bhí ag feidhmiú leis fhéin, Seifeddine Rezgui, Larry agus Martina Hayes ó Chontae na hIarmhí agus Lorna Carty ó Chontae na Mí ar an 26 Meitheamh.