skip to main content

Tá na céadta eitilt san Indinéis curtha ar ceal mar thoradh ar luaithreamhán bolcáin.

Luaithreamhán ag teacht ó bholcán san Indinéis
Luaithreamhán ag teacht ó bholcán san Indinéis

San Indinéis, cuireadh na céadta eitilt ar ceal mar thoradh ar luaithreamhán atá ag síobadh ó bholcán sa tír sin.

Dúnadh an t-aerfort ar an oileán turasóireachta Bali, ag fágaint na mílte turasóir ar an trá fholamh.

Dúnadh ceithre aerfort eile déanach inné chomh maith, san áireamh, an t-aerfort idirnáisiúnta ar Oileán Lombok.

Dúirt urlabhraí iompair gur dúnadh na haerfoirt ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta agus go raibh oifigigh ag déanamh monatóireachta ar an gcás gach cúpla uair an chloig.

Cuireadh dlús leis an stádas práinne maidir le Mount Raung, bolcán 3,300m ar airde san Indinéis, i ndiaidh don mbolcán tosnú ag cuir amach laibhe agus luaithreamhán.