Tá an Breitheamh san iarratas atá déanta ag Denis O'Brien san Ard-Chúirt le cosc a chur ar RTÉ tuairisc a chraoladh faoina chuid gnó leis an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc chun cinneadh a dhéanamh an tseachtain seo chugainn.
Níos luaithe shéan dlíodóirí thar cheann Denis O'Brien go mbagair sé an Ard Chúirt nuair a dúirt sé go mbeadh air a chuid socruithe le na haon bhanc in Éirinn a iniúchadh dá gcraolfaí sonraí féna ghnó baincéireachta phearsanta.
Inné léigh dlíadóirí thar cheann RTÉ cuid den fhianaise a bhí tugtha ag Denis O'Brien inár dhúirt sé go mbfhéidir go mbeadh ar a mhachnamh a dhéanamh faoina chuid socruithe le bainc sa tír seo dá gcraolfeadh RTÉ eolas áirithe faoina chuid graithe le IBRC.
Shéan a dhlíadóir Michael Cush inniu gur bagairt a bhí anseo. Dúirt Michael Cush go raibh Denis O'Brien agus RTÉ ar aon intinn go raibh an t-eolas a bhí RTÉ ag iarraidh a chraoladh rúnda.
Is é an rúndacht seo atá i gcroílár an ghaol atá idir bainc agus a gcuid custaiméirí. Is ar leas an phobail a bheadh sé an ghaol seo a chosaint, a dúirt sé.
Dúirt Michael Cush gur ar chúrsaí rialachais sa Chorparáid Éireannach Um Réiteach Banc atá tuairisc RTÉ dírithe agus ní ar Denis O'Brien fhéin.
'Sé'n t-aon bhaint atá ag an Uasal O'Brien leis an tuairisc ná le feoil a chur ar an scéal a dúirt sé.
Dúirt dlíadórí thar cheann IBRC go raibh RTÉ ag iarraidh eolas rúnda faoi ghnoithe Denis O'Brien a chur isteach sa tuairisc toisc gur tuairisc leamh a bheadh ann gan é.
Dúirt sé go bhfuil IBRC an-bhuartha go ndéanann an script do thuairisc RTÉ tagairt do chomhairle dlí a tugadh don bhanc.
Dúirt sé go bhfuil an Coimisinéir Cosanta Sonraí curtha ar an eolas ag an bhanc faoi shárú ar an reachtaíocht a bhaineann le cosaint sonraí a bhaineann le eolas a sceitheadh le RTÉ faoi iasachtaí Denis O'Brien.