Tabharfar cuireadh don gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill agus d'fheidhmeanaigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna an cás a bhaineann le ceapadh múinteoirí gan líofacht Gaeilge i scoileanna Gaeltachta a phlé os comhair chomhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais.
D' eascair an cás as gearán a dhein Príomhoide Scoil Náisiúnta i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge le hOifig an Choimisinéara Teangan go raibh an Roinn ag brú múinteoir nach raibh dóthain Gaeilge aige ar an scoil.