Tugann Moltaí na Roinne Oideachais faoin Oideachas sa Ghaeltacht agus a foilsíodh le gairid deis anois do scoileanna grinn-scrúdú a dhéanamh ar an tumoideachais agus an géarghá go mbeadh sár-scileanna teangeolaíochta ag múinteoirí a bhíonn ag múineadh i scoileanna Lán-Ghaeilge.

Pléadh na hábhair seo inniu ag an gcéad chomhdháil taighde uile-oileánda ar an tumoideachas atá ar siúl i Luimneach. Pléadh tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga freisin a deir go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag sárú an Achta Oideachais i dtaobh scoileanna Gaeltachta ag glacadh le múinteoirí nach bhfuil aon Ghaeilge acu.