skip to main content

Tugadh 800 teifeach i dtír san Indinéis inniu i ndiaidh bheith tréigthe sa Mhuir Andaman. Cuireadh báid plódaithe eile ó dhoras.

Na céadta teifeach tarrthála san Áis. Na mílte eile curtha ó dhoras.
Na céadta teifeach tarrthála san Áis. Na mílte eile curtha ó dhoras.

Tugadh 800 teifeach as Burma agus an Bhanglaidéis i dtír san Indinéis inniu i ndiaidh don criú iad a thréigeann i lár Mhuir Andaman.

Cuireadh na mílte eile ó dhoras áfach i mbáid a bhí plódaithe le teifigh in ainneoin gur iarr na Náisiúin Aontaithe ar thíortha gníomhú le teifigh a tharrtháil.  

I ndiaidh do na húdaráis sa Téalainn gníomhú le breith ar smuglálaithe i bhfarraigí na hÁise, thréig na criúanna na longa agus d'fhág na mílte i lár na farraige, mórán acu breoite  gan bia ná uisce acu.