skip to main content

Theip ar Seán Dunne ina iarratas Cúirte Uachtaraigh a fhéimheacht in Éirinn a chur ar leataoibh.

Seán Dunne ag fágaint na Cúirte Uachtaraigh inniu i ndiaidh teip ar a iarratas a fhéimheacht a chur ar ceal.
Seán Dunne ag fágaint na Cúirte Uachtaraigh inniu i ndiaidh teip ar a iarratas a fhéimheacht a chur ar ceal.

Dhiúltaigh triúr Breitheamh Cúirte Uachtaraigh d'iarratas an fhir gnó Seán Dunne a fhéimheacht in Éirinn a chur ar ceal mar go raibh sé fógartha bancbhriste sna Stáit Aontaithe roimhe sin.

Tá fiacha €161m aige le bainc sa chás seo.  

I mbreith d'aonghuth, dhiúltaigh an Phríomh-Bhreitheamh Susan Denham, an Breitheamh Mary Laffoy agus an Breitheamh Peter Charlton dá iarratas. 

Dúirt an Phríomh-Bhreitheamh Denham go bhfuil údarás ag an Ard-Chúirt féimheacht a fhógairt.