D'iarr Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath ar an Ard-Chúirt go bhfógrófaí árasáin ar Rae Uí Cheallaigh contúirteach mar gur theip ar áitritheoirí dul i ngleic le hoifigigh sábháilteachta dóiteáin le hobair fheabhsúcháin a dhéanamh ar na hárasáin.
Dúradh leis an gCúirt go bhfuil na hárasáin contúirteach agus gur cóir cosc a chur ar dhaoine cónaí ionta go dtí go mbeadh teastas sábháilteachta bronnta orthu.
Múchadh an leictreachas sna hárasáin níos túisce an mhí seo.
Ina measc siúd ar cuireadh ó dhoras bhí bean agus a ceathrar páistí faoi aois 6 bliana.
Dúirt duine de na húinéirí, Joseph Simpson gur thriail sé fein agus a chó-úinéir Frank Chatham na tionóntaithe a bhogadh amach as na hárasáin ach gur dhiúltaigh siad dá n-iarratais go dtí seo.