skip to main content

Achainí eile eolais faoin naíonán 'Maria' ach deir Gardaí nach ceist coiriúlachta atá sa chás.

Gardaí i mbun achainí ag an láthair ina bhfuarthas an leanbh 'Maria' Dé hAoine seo caite i Ráth Cúil.
Gardaí i mbun achainí ag an láthair ina bhfuarthas an leanbh 'Maria' Dé hAoine seo caite i Ráth Cúil.

Rinne Gardaí achainí nua eolais ar an bpobal inniu in iarracht an naíonán a fuarthas i Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath seo caite, a aithint.

Bhí an ghníomhaireacht páistí agus teaghlaigh Tusla i dteagmháíl le roinnt ospidéal, ach tá cinnte orthu fós a dheimhniú cár rugadh an naíonán, a bhfuiltear ag tabhairt Maria uirthi faoi láhair.

Dheimhnigh na Gardaí an athuair nár cheart faitíos bheith ar aon duine a thiocfadh chucu nó chuig Tusla le heolas faoin naíonán.

Fuarthas an cailín ag geata páirce ar Lána Bhaile Stíl i Ráth Cúil.

Bhí an naíonán cumhdaithe le pluid dhonn agus curtha i mála dubh bruscair in éineacht le tuáille gorm, agus ina dhiaidh sin i mála glas Marks & Spencers

Lánúin a tharraing isteach ar thaobh an bhóthair a tháinig ar an gcailín thart ar 3.30pm Dé hAoine seo catie.

Bhí sí fuar agus deir dochtúírí gur ghoill sé uirthi bheith fágtha amuigh faoins spéir.

Ach deir dochtúir comhairleach amháin go rabhthas ag súil le dea-thoradh ar an gcúram agus cóir leighis cuí atá á chur uirthi.

Cheadaigh cúirt dlí an teaghlaigh ordú cúraim eatramhach le go bhféadfaí cóir leighis a chur uirthi in ospidéal an Chúim, áit a bhfuil sí ag teacht chuici féin.

Ag an láthair a bhfuarthas an naíonán a dhéanfaidh na Gardaí an chéad achainí eile.