Tá amhras arís ann faoi bharántúlacht na foclaíochta sa leasú ar an reifreann ar phósadh atá le reáchtáil coicís ó amárach, 22 Bealtaine. Is é an focal 'beirt' údar na trioblóide.
Deirtear sa leasú atá molta go '[bh]féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.'
Ach ní gá gur daoine atá i gceist leis an bhfocal 'beirt'. I nGaeilge Chléire, Co Chorcaí agus i nGaeilge Dhún na nGall, is féidir ainmhithe nó rudaí neamhbheo a bheith i gceist freisin.
Tá na samplaí seo taifeadta ag na scoláirí Gaeilge Breandán Ó Buachalla agus Heinrich Wagner:
- beirt ordóg (Cléire, Co Chorcaí)
- beirt chaorach (Teileann, Co Dhún na nGall)
- beirt lochannaí (Teileann, Co Dhún na nGall)
Deirtear i bhfoclóir Uí Dhónaill freisin gur féidir ainmhithe nó rudaí a bheith i gceist le 'beirt'.
Dheimhnigh an t-abhcóide Ben Ó Floinn le Nuacht RTÉ go dtugtar tús áite i gcónaí don Ghaeilge i bhforálacha Bunreachta agus gurb é Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge an tslat tomhais a bhíonn ag dlíodóirí.
Dheimhnigh urlabhraí Rialtais freisin go mbaintear earraíocht as an gCaighdeán Oifigiúil agus reachtaíocht á dréachtú. Daoine amháin atá i gceist le 'beirt' i leabhar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge.
Dúirt urlabhraí Rialtais le Nuacht RTÉ tráthnóna gur chóir an bille nua ar phósadh a léamh i gcomhthéacs iomlán an dlí. Sa chomhthéacs sin, a dúradh, níl cead ag ainmhithe ná rudaí neamhbheo pósadh.
Nuair a fógraíodh foclaíocht an reifrinn ag tús na bliana, tarraingíodh aird ar an débhrí sa leagan Gaeilge. Leasaíodh an fhoclaíocht sin i mí an Mhárta.