Tá an Chúirt Achomhairc tar éis atriail a ordú i gcás fhear 29 bliain a fritheadh neamhchiontach i ndúnmharú a mháthar de dheasca gealtachta.
Phléadáil Paul Henry neamhchiontach i ndúnmharú a mháthar Ann Henry sa teach a bhí acu i mBaile na Mainistreach i gCo Ros Comáin mí Mheán an Fhómhair 2011.
Fritheadh neamhchiontach de dheasca gealtachta é agus chuir an Breitheamh Paul Carney é go dtí an Príomh-Ospidéal Meabhair Ghalair i nDún Droma sa mBealtaine anuraidh.
Tá Paul Henry ag lorg atriail le go mbeidh sé in ann pléadáil ciontach i ndúnorgain ar chúis freagracht laghdaithe.
D’fhágfadh sin go ngearrfaí tréimhse ar leith coinneála air, in áit coinneáil gan teorann b’fhéidir ar feadh a shaoil i nDún Droma.
Inniu d’ordaigh na breithiúna George Birmingham, Garrett Sheehan agus John Edwards atriail.
Liostáilfear an cás sa bPríomhchúirt Choiriúil faoi cheann coicíse.