Creidtear go bhfuil ionad nua buan aimsithe ag Féile Rós Thrá Lí.
Fógraíodh ar maidin go bhfuil Óstan an Fels Point ar an mbaile ceannaithe ar son na Féile ag Dick agus Eileen Henggeler, tuismitheoirí Dorothy Henngeler, Rós Washington i 2011 a cailleadh anuraidh.
Ceannaíodh an t-óstán ó NAMA.
Duirt Cathaoirleach Feidhmeannach Fhéile Rós Thrá Lí Anthony O'Gara ar maidin go mbeifear in ann Dome buan a thógáil mar thoradh ar an méid atá tarlaithe.
Is é Anthony O'Gara a bheidh ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Óstán an Fels Point chomh maith.