Tá teipthe ar chás cúirte bean 74 bliain d’aois atá i bpian le leathchéad bliain ó d’fhulaing sí simfiseatóime 12 lá tar éis di páiste a thabhairt ar an saol.
Cás samplach a bhí ann do mhórchuid eile ban.
Thionscain an bhean an cás ar bhonn neamairt, ag rá nach raibh bunús leis an gcleachtas a bhí ag dochtúirí.
D’fhulaing sí pian ar feadh a saoil. Ní raibh sí inann gean i gceart a bheith aici dá páiste. Bhris a sláinte meabhair.
Chinn an Breitheamh Kevin Cross san Ard-Chúirt “nach cleachtas gan cúis a bheith leis a bhí ann ag an am, cé nach gceadófaí anois é”.
Ghlac an Breitheamh le breith na ndochtúirí: nach mbeadh an bhean inann an páiste a shaolú thrína faighin; nach raibh droch-thionchar ag simfiseatóime ar mhná i gcoiteann; agus gurbh é an módh ba lú contúirt don pháiste.

Tortha tubaisteach é an breithiúnas a dúirt Marie O’Connor ón ngrúpa Mná a Tháinig Slán ó Simfiseatóime. D’éiligh sí fiosrúchán neamhspleách ar an gcleachtas.