skip to main content

Phléadáil Seán Connolly ciontach i ndúnmharú Eamon Kelly.

Eamon Kelly, 65, a maraíodh 2012.
Eamon Kelly, 65, a maraíodh 2012.

Tá tréimhse saoil sa bpríosún gearrtha ar fhear 35 bliain d'aois as Baile Átha Cliath faoi Eamon Kelly a mharú dhá bhliain go leith ó shin.

Phléadáil Seán Connolly, Áras Bernard Curtis, Cloigín Gorm, Baile Átha Cliath, ciontach i ndúnmharú i rith na seachtaine sa gCúirt Choiriúil Speisialta.

65 bliain a bhí Eamon Kelly. Bhí sé ciontaithe i robbáil armtha agus mangaireacht drugaí.

Caitheadh é agus é ag fágáil an tigh i gCill Easra an 4ú Nollag 2012.

Níor leanadh le 2 chúis eile a bhí curtha i leith Sheán Connolly, ballraíocht san IRA agus go raibh gunna ina sheilbh aige.